Moill ar thús an tséasúir

Tá imreoirí Bhré faoi-21 ar ais ag cleachtadh anois le beagnach trí mhí, agus gan aon radharc ar thús an tséasúir nua acu.

Níos measa ná sin, b’fhéidir, tá cuid den ghréasán tacaíochta a bhí ag comortais faoi-21 i gcoitinne ina chodladh nó marbh: is é atá i gceist agam, an láthair údarásach www.u21-league.net, a bhíodh á reachtáil ag Paddy Reilly i nGaillimh.

Agus ós ag caint ar sin e, cad d’imigh ar www. hospitalpass. net, a mbíodh idir eol;as agus greann le fáil ann – níl aon rud nua ann ó chríoch 2002 ar aghaidh.

Ach maidir leis na himreoirí faoi-21, is bocht an scéal a ndíomhaointeas. Ní ar mhaithe le síor-thraenáil a shínigh siad le club fad-bhreathnaitheach ar nós Bhré, agus mara dtéann rudaí i bhfeabhas go luath, is cinnte go gcaillfidh cuid acu suim sa chlub.

Is iarmairt an mhoill atá ar na comortais faoi-21, is cosúil, den athrú go séasúr samhraidh do na sraitheanna ar fad eircom, ina measc na hógánaigh.

Níor tugadh ró-mhór faoi deara é anuraidh, san Idir-shéasúr, ach ta sé ag luí go trom ar na clubanna sinsearacha i mbliana.

Fírinne an scéil, nach dtagann deireadh leis na comortais do na haois-raonta níos óige fós go dtí an tráth seo bliana, agus de réir na rialacha ní raibh cead ag na hógánaigh sin síniú don séasúr nua go dtí go mbeadh a séasúr féin thart.

Chuala scéalta ar na mallaibh go bhfuil cuid de na clubanna i Sraith Sinsear Laighean agus sa Sraith Aontas Lúithchleasa ag smaoineamh ar bhrú ar aghaidh go dtí séasúr samhraidh dá gcuid féin – agus ní nach ionadh, chuideodh sin le comhaontú na gcomortas Coirn a imríonn sa chéad Bhabhta is a bheathaíonn an dara Bhabhta de Chorn an FAI gach bliain.

Ach tá fadhbanna ar leith as aois-ghrúpaí óige le séasúr samhraidh. Braitheann roinnt mhaith acu ar thacaíocht scoileanna, agus ar ndóigh níl aon chaint ar scoil-bhliain samhraidh: bheadh réabhlóid óige ann dá luaifí a leithéid!

Gan dabht, ní fada uainn anois tús na gcomortas faoi-21. Bhí sceideal cluichí sa timpeall roinnt seachtainí ó shin, agus bhí siad ceapaithe tosú an uair sin, ach bhí leisce ar mhórchuid clubanna dul chun cinn gan an rogha acu imreoirí óige nua a chur lena scuadanna.

Is sampla eile é seo ar fad den easpa tuisceana i measc roinnt mhaith de lucht stiúrtha an chluiche sa tír seo. Deineadh an beart a theastaigh ó na clubanna sinsearacha beag beann ar na himpleachtaí a bheadh aige do na leibhéil is sóisearaí ná iad.

Ní hé atá á rá agam nár chóir an beart a dhéanamh, ach tá cúpla gné de fós nach bhfuil ciall leo, dar liom.

Ar an gcéad dul síos, is beag caint atá ann go fóill ar thorthaí an athruithe. Sin mar is cóir – ní raibh an t-am againn fós é thástáil i gceart, agus smaoinigh go bhfuilimid arís i mbliana in Idir-shéasúr (níor thosaigh sé go dtí Aibreán, agus ní chríochnóidh sé go deireadh mhí na Samhna).

Beidh dhá shéasúr iomlána samhraidh ar a laghad de dhíth chun na torthaí a mheas. Tugann sé sin go dtí fómhar 2005 muid, móide tréimhse chun an t-eolas a bhailiú agus a scrúdú: ní bheifí in ann moltaí a thabhairt chun cinn go dtí earrach na bliana 2006.

Ach nuair a cinneadh ar an scéim, b’athrú trialach a bhí i gceist, triail a mhairfeadh trí bliana, agus go ndéanfaí athbhreithniú ansin air. Dá mbeimis le dul siar go dtí an sean-scéim, ba ghá, de réir an chinneadh a glacadh an uair sin, tosú ar fhilleadh ar an ngeimhreadh tráth nach déanaí ná fómhar 2004!

Ní féidir é dhéanamh.

Ar nós a lán eile i struchtúir an chluiche abhus, tá géarghá le pleanáil fad-téarmach an Chumainn Peile a tharrach isteach ó na meán-aoiseanna.

I ngach ciall den téarma.

Mícheál Ó hUanacháín

Back to the topContact us